D’eagraigh muinteoirí agus daltaí Choláiste na Maoile Ruaidhe réimse leathan imeachtaí chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh sa scoil ar an tseachtain ‘s a chuaigh thart.
Ar an gCéadaoin chuir an scoil fáilte roimh Aoi speisialta nuair a thug an file aitheanta Pádraig Mac Suibhne cuairt ar an scoil agus labhair sé le daltaí na hardteiste faoin dán a chum sé dár teideal ‘Colscaradh’ atá a staidéar ag na daltaí don ardteist. Bhain na daltaí an-sult as chaint spreagúil, spraoúil Padráig.
I measc na himeachtaí eile a bhí ar siúl i rith na seachtaine bhí cluiche corr do na muinteoirí, tráth na gceist do dhaltaí na céad bliana, comórtas griangrafadóireachta, comórtas na seanfhocla,  comórtas treodóireachta agus comórtas thar an trásnán.
Ghlac scaifte mhór daltaí agus múinteoirí páirt ins na himeachtaí agus bhain siad an-sult astu. Comhghairdeas leis na mbuaiteoirí uilig sna comórtaisí éagsúla.
Le críoch a chur le himeachtaí na seachtaine bhí ‘Pop UP Gaeltacht” sa leabharlann ar an Déardaoin áit a raibh ceol, fíliocht, damhsa gaelach, caint agus craic ar fáil chomh maith le sólaistí! Ag deireadh na hócaide seoladh Cumann Ghaelach Coláiste na Maoile Ruaidhe, grúpa a chuirfidh deiseanna ar fáil do phobal na scoile úsáid laethúil a bhaint as a gcuid Gaeilge chomh maith le í a chur chun cinn sa scoil.
Seachtain na Gaeilge: Coláiste na Maoile Ruaidhe